All language subtitles for CRA.S02E03

af Afrikaans
ak Akan
sq Albanian
am Amharic
ar Arabic
hy Armenian
az Azerbaijani
eu Basque
be Belarusian
bem Bemba
bn Bengali
bh Bihari
bs Bosnian
br Breton
bg Bulgarian
km Cambodian
ca Catalan
ceb Cebuano
chr Cherokee
ny Chichewa
zh-CN Chinese (Simplified)
zh-TW Chinese (Traditional)
co Corsican
hr Croatian
cs Czech
da Danish
nl Dutch
en English Download
eo Esperanto
et Estonian
ee Ewe
fo Faroese
tl Filipino
fi Finnish
fr French
fy Frisian
gaa Ga
gl Galician
ka Georgian
de German
el Greek
gn Guarani
gu Gujarati
ht Haitian Creole
ha Hausa
haw Hawaiian
iw Hebrew
hi Hindi
hmn Hmong
hu Hungarian
is Icelandic
ig Igbo
id Indonesian
ia Interlingua
ga Irish
it Italian
ja Japanese
jw Javanese
kn Kannada
kk Kazakh
rw Kinyarwanda
rn Kirundi
kg Kongo
ko Korean
kri Krio (Sierra Leone)
ku Kurdish
ckb Kurdish (Soranî)
ky Kyrgyz
lo Laothian
la Latin
lv Latvian
ln Lingala
lt Lithuanian
loz Lozi
lg Luganda
ach Luo
lb Luxembourgish
mk Macedonian
mg Malagasy
ms Malay
ml Malayalam
mt Maltese
mi Maori
mr Marathi
mfe Mauritian Creole
mo Moldavian
mn Mongolian
my Myanmar (Burmese)
sr-ME Montenegrin
ne Nepali
pcm Nigerian Pidgin
nso Northern Sotho
no Norwegian
nn Norwegian (Nynorsk)
oc Occitan
or Oriya
om Oromo
ps Pashto
fa Persian
pl Polish
pt-BR Portuguese (Brazil)
pt Portuguese (Portugal)
pa Punjabi
qu Quechua
ro Romanian
rm Romansh
nyn Runyakitara
ru Russian
sm Samoan
gd Scots Gaelic
sr Serbian
sh Serbo-Croatian
st Sesotho
tn Setswana
crs Seychellois Creole
sn Shona
sd Sindhi
si Sinhalese
sk Slovak
sl Slovenian
so Somali
es Spanish
es-419 Spanish (Latin American)
su Sundanese
sw Swahili
sv Swedish
tg Tajik
ta Tamil
tt Tatar
te Telugu
th Thai
ti Tigrinya
to Tonga
lua Tshiluba
tum Tumbuka
tr Turkish
tk Turkmen
tw Twi
ug Uighur
uk Ukrainian
ur Urdu
uz Uzbek
vi Vietnamese
cy Welsh
wo Wolof
xh Xhosa
yi Yiddish
yo Yoruba
zu Zulu

Original subtitles

♪ Caoineadh Eoin Búrach

♪ Ó fuist a 'níon

♪ Agus ná bí cráite

♪ Nach fusa fear eile, ná dís deartháir

♪ Tá súil 's a rí agam, gur iad mo chlann a tháinig

Sea, sin Máirtín.

Beidh a ainm iomlán ag teastáil uaim, le sainaithint a dhéanamh air.

Sin Máirtín Ó Tuairisc.

Bhfuil tú óicé?

An boladh...

Cuir píosa suas do shrón.

Goidé?

Le scéal fada a dhéanamh gairid.

Cúis an bhais, géarshiondróm corónach.

- Taom croí? - Go díreach.

Léiríonn an t-at ar a chroí agus na torthaí fola

go raibh manglam drugaí agus alcóil tógtha aige.

An féidir leat a rá cén sórt drugaí?

Tá samplaí fíochaín glactha agam i gcomhar anailíse.

Ach rud amháin atá cinnte,

bhí ard-oíche aige.

Goidé fá na chos atá ar iarraidh?

Bhfuil seans ar bith ann gur chaill sé a chuid fola ar fad?

Baineadh an chos i ndiaidh a bháis.

Goidé chomh fada i ndiaidh a bháis?

De réir an téachta fola, laistigh cúpla uair.

Tuairim ar bith agat cén chaoi ar baineadh í?

Cibé cé a bhain í, bhí jab acu.

'Séard atá tú a rá ná go ndearna siad praiseach de?

Thriail siad trí uirlis difriúla,

cuid acu níos éifeachtaí ná a cheile.

Tá an cuma ar an scéal nach raibh sé pleanáilte.

Iarla... Céard? An dtabharfá síob ©na siopa dom?

Níl a dhath istigh againn don dinnéar.

Brón orm, ní thig liom. Cad tuige?

Just, ní thig liom, raight?

Íosa Críost, tabhair rud beag spáis dom!

Má fuair sé bás ó thaom croí, ab é dúnmharú ata ann ar chor ar bith?

Ós rud é gur bhain duine éicínt an chos de,

sílim go leanfaidh muid ar aghaidh leis an bhfiosrúchán tamaillín eile.

- Cinnte. - Ach é sin ráite, níl an chuma ar an scéal

gur coirpeach cruthanta i mbun 'hit' a bhí anseo.

No. Más ródháileog a thug a bhás,

é fhéin a rinne é. Tuige mbeifeá ag iarraidh réitighe don chorp?

Má bhí sé leis na daoine a bhris amach é, bheadh siad

ag tarraingt airde orthu féin dá ndéanfadh siad é a thuairisciú.

Boy racers?

Baintreach dhubh.

Ara anois...

Ní dóigh leat go bhfuil sé aisteach gur thusa alibi Tara?

No.

Bhí fhios aici go mbeadh Máirtín amuigh am éigin

agus é ag pléadáil ciontach.

So, bhris sí amach as an bpríosún ar dtús é?

Bhuel, ní fhéadfadh sí é a dhéanamh léi féin.

Ach tá sí ina cónaí le duine de na boy racers.

Heileó?

"Seo an Bleachtaire Andrew Conroy

ón Aonad Imscrúdaithe um Gháinneáil ar Dhaoine."

Goidé mar atá tú? 'Maith agat as glaoch thar n-ais orm.

"Sin togha. Táim ag féachaint ar an eolas

a logáil tú faoi Jeta...

Bhfuil sloinne agat di?"

Níl a sloinne ar eolas agam.

"Óicé, mar sin, cén gaol atá agat le Jeta?"

Is... cara liom í, cara maith.

"Breathnaigh, ní éireoidh linn leis seo

muna mbíonn tú ionraic liom.

Is cara maith leat í, ach níl a sloinne ar eolas agat?"

No. "Cathain a chur tú aithne ar dtús uirthi?"

Ní raibh sé ró-fhada ó shin.

Táim cineál buartha,

go mb'fhéidir go bhfuil iachall á chur uirthi obair mar sclábhaí,

i salón ingne i Leitir Cheannainn.

"Gur sclábhaí i salón ingne í, an é sin atá dhá rá agat?"

Sea. Inseoidh mé dhuit, an féidir liom

glaoch thar n-ais ort tráthnóna - an mbeadh sé sin óicé?

"Sin toghta." 'Maith agat.

"... mná agus cailíní, nach bhfuil a gcuid slándála

ag braith ar Phóilíneacht agus Ceartas amháin."

"Mná agus cailíní, atá ag maireactáil i ngreim eagla."

"Is fir is cúis leis an gcuid is mó de choireanna foréigneacha

a déantar i gcoinne mná agus cailíní i dTuaisceart Éireann -

fir a bhfuil aithne ag na mná seo orthu."

"Is fírinne thruacánta í seo,

ach ní bheidh aon drogall ormsa labhairt faoi."

"Fáilte go Mír a Trí. Dúnmharú sa Phortach."

"Fadó fadó, bhí rí i dTír Chonaill, a chur sceimhle..."

- Cad? - Cad iad sin!

Nach bhfuil said go hálainn.

Mar a bheifeá ag siúl ar scamall.

Go deas, ach tá fhios agat...

Ní éide garda iad.

Ní chaithim ach sa stáisiún iad.

Is féidir liom péire a fháil duitse, ar leathphraghas.

Táim ceart go leor, go raibh--

Cén fáth a bhfuil siad leathphraghas?

Tá cara liom ag obair don chomhlacht.

".. arracht aon-súileach, dárbh ainm Balor na Súile Nimhe.

Ba é Balor an leasainm a bhí ar mhac Sabine freisin,

an Sáirsint Conall Ó Súilleabháin."

"De réir an scéil, baistíodh an t-ainm sin air

tar éis ionsaí brúdúil a dhéanamh ar réiteoir

le linn cluiche sacair, agus Conall ar mire."

Bhuel, a ghasúir.

An dtig leat m'iarratas páis a stámpadh dom?

Tá tú ceapaithe duine éigin a fháil a bhfuil aithne acu ort.

Tá an Sáirsint san oifig. Ach tá aithne agatsa orm.

- An bhfuil? - Tá.

Stop tú mé cúpla seachtain ó shin mar nach raibh NCT ar an gcarr agam.

Cén cineál cairr a bhí ann? Subaru Impreza.

- Dath? - Gorm leictreach. - Dhá líotar? - Sea.

- Body kit? - Sea. Is deas an mótar é.

Is cuimhin liom anois thú. Raight, mar sin.

Seans ar bith go ndéanfá deifir? Cá bhfuil an tine?

Tógfaidh sé deich seachtain le gabháil tríd.

Deich seachtaine?

An chéad iarratas.

Cathain a mbeidh tú ag dul ar - saoire? - An tseachtain seo.

Níl seans ar bith agat.

Cá raibh tú ag dul, ar aon nós? Go Glaschú, b'fhéidir.

- Bhfuil tusa ag magadh?! - Nílim.

Níl pás ag teastáil uait le dul go hAlbain.

Amadán! Déanfaidh do cheadúnas cúis.

Hé, rinne tú dearmad ar d'fhoirm.

Tá deifir ar gach duine na laethanta seo.

"An mbeadh Balor in ann dúnmharú a dhéanamh?"

Bhí sin iontach. Go raibh maith - agat. - Go raibh maith agat fhéin.

Óráid dheas.

Ba cheart duit teacht ar mo phodchraoladh lena plé.

Céard atá uait?

"Sochaí a bhunú, nach ceadaítear foréigean

droch-íde agus imeagla i gcoinne na mban agus cailíní inti."

An raibh tú i ndáiríre faoi sin? Tuige nach mbeinn?

Iontach!

Bhuel níor mhiste leat Art Ó Súilleabháin a chuardach

i ngach aon teach altranais sa Ríocht Aontaithe mar sin.

- Tá Art marbh. - Níl go fóill.

Tá an Cróinéir ag feitheamh le taifead leighis nach ann dó.

Ní raibh néaltrú air.

Ach d'fheil sé dó gur cheap daoine go raibh.

Ní raibh ag teastáil uaidh ach duine a bheadh in ann

an dallamullóg a chur ar na Gardaí. No, ní dhéanfadh Conall riamh!

Nach ndéanfadh?

Carr tréigthe sa phortach ach níor thángthas riamh ar chorp?

Cén fath a gceapann tú go mbeadh Art i dteach altranais?

Más rogha é idir bás ansin agus bás i bpríosún?

Cad faoi má thiomáin Conall é go dtí an bád i Latharna

agus anois tá Art i bhfolach áit éigin sa Riocht Aontaithe?

Níl sé d'acmhainn againn breathnú ar chuile theach altranais sa RA.

Cad é a dúirt tú faoi fírinne thruacánta?

Nár thrua é dá gcuirfeadh do chuid dea-oibre ar fad amú

mar gheall gur thriail tú

fear neamhchiontach a chrochadh as dúnmharú do leannáin?

Ní raibh Ray Lipsett riamh neamhchiontach.

Ní bheidh fhios againn a choíche

ós rud é gur ordaidh tusa a bhás.

Ceart go leor.

Seiceálfaidh mé na tithe altranais.

Iontach.

Déanfaidh mise an chaint. Tá tusa claonta.

Tá mé súil leis an 'good cop routine' seo a fheiceáil.

Tá sibh go fóill ag déanamh go raibh baint agamsa leis?

Díreach ag déanamh mo jab.

Is amhrastach achan duine, go dtí nach mbíonn siad.

Conall...

Bhfuil tú ceart go leor?

Má insím rud inteacht duitse,

an mbeidh ort é a rá léithi sin?

Sise mo pháirtnéir.

Ach braitheann sé goidé atá ann.

Sílim go bhfuil Iarla i dtrioblóid.

- Tuige? - Níl sé ag codladh.

Cluinim é ag bualadh thart fán teach i lár na hoíche.

D'iarr mé síob air ar maidin ach chaill sé an cloigeann.

D'fhág an teach agus níor tháinig sé ar ais.

An síleann tú go bhfuil baint aige leis seo ar fad?

Níl.

Bhí sé le fianaise a thabhairt.

Agua ansin d'athraigh Máirtín a phlea.

Tá fhios agat caidé a dhéanann siad le touts.

Ní bheadh sé ábalta duine inteacht a mharú.

Abair leis scairt a chur orm, ar mo fón póca.

Tig liomsa cabhrú leis, má tá sé i dtrioblóid.

Céard sa--

- Ex eile, ab ea? - Tara?

Mo ex? No, ní hí Tara mo ex.

Tara an cara is fearr a bhí ag mo ex, Annemarie.

Raight.

Agus tusa a bhris croí Annemarie?

Nó, an ise a bhris do chroísa?

Sea, rud inteacht mar sin.

'Sgor ar bith...

Haigh, is maith liom na trainers.

Barry, caithfidh mé labhairt leat!

Ní féidir leat buaileadh isteach anseo díreach ar mhaithe le comhrá.

Tá stáisiún le reáchtáil agam. Ní comhrá atá uaim.

Tá mé ar ghnó tábhachtach póilíneachta

agus is póilín tábhachtach tusa.

Raight...

Ceart go leor.

Raight!

Cad atá uait?

Sílim gur chabhraigh Conall lena athair éalú

sula mbeadh air dul chun cúirte as a chuid coireanna uafásacha.

Tá Patsy ag fiosrú tithe altranais sa Ríocht Aontaithe dom.

No!

- Seafóid! - Ní hea.

Labhair mé le dochtúir a dúirt gur dóichí

go bhfágfadh duine le néaltrú a chuid eochracha sa charr--

Cén fáth a bhfuil tú ag labhairt le dochtúir faoi seo?

Caithfidh duine éigin é a dhéanamh.

B'fhearr leat nach mbreathnóinn ar do dhlúth-chara, an ea?

Ní hea. Tá an fiosrúchán fós ar siúl!

Bhfuil tusa ag iarraidh clúdach - do Chonall? - Níl!

Go maith. Caitheann sé go gránna leat pé scéal é.

- Ní chaitheann. - Caitheann.

So, an bhfuil a thaifead fóin seiceáilte agat?

- Cén fáth? - Lena thrackáil.

Le feiceáil an eisean atá taobh thiar den cover-up seo.

Ah, Ciara-Kate, forcheilt?

Tháinig mé ar chorp a mháthar sa phortach sin in ainm Dé.

Chuir tú a bás sin i leith Chonaill freisin, agus é seo anois?

Bíonn gach duine ina amhrastach, go dtí nach mbíonn, Barry.

Nach é sin an chéad rud a mhúintear daoibh i gColáiste na nGardaí?

Ní hé! Samhail chinnteoireachta na nGardaí.

Sin an chéad rud a d'fhoghlaim muid.

Cuimhnigh mar seo air.

má fhaigheann tú taifead fóin Chonaill,

seans go gcruthóidh sé nach bhfuil sé ciontach.

Ciara-Kate, tá sé seo seafóideach.

Thógfadh sé ceithre uair tiomáint go dtí an bád in Latharna.

Ocht n-uaire don turas ar fad.

Caithfidh tusa imeacht.

Breathnaigh ar an taifead.

Muna bhfuil tada ann, fágfaidh mé é.

Bí i dteagmháil má chloiseann tú rud ar bith.

Ní bheidh! Ní mar sin a oibríonn sé.

Feicfidh mé ar ball thú.

Grá na hóige!

Cad? No. Níl muid... tá cailín agam.

An bhean AI, ab ea?

Níl aon AI ann, Neilí.

Is fíorbhean í.

Tara? Bhfuil tú áit ar bith?

Léigh mé an tuairisc chróinéara díreach anoise.

Ródháileog. Ní raibh mé ag súil leis sin.

Ní raibh Máirtín ach an oiread, is cosúil.

An fiosrúchán dúnmharaithe é go fóill?

Bás amhrasach a bhí ann, mar sin, is é.

Rinne duine éigin iarracht réiteach a fháil don chorp, a Bharry.

Agus rinne siad praiseach dhe.

Is cosúil nach bhfuil muid ag déiléail

le coirpigh chruthanta anseo.

Níor thuig mé go raibh sibh go léir ar ais.

Shiúil muid tharat ar an mbealach isteach.

Ó, raight.

Bhuel, ghlaoigh duine éigin uair ó shin. Níor fhág siad ainm

ach dúirt go mbeadh sibh ag iarraidh bheith ar an eolas

go mbeidh rally sa chairéal anocht.

Sin an áit a mbeidh Iarla. Rachaidh muid anois.

Cuirfidh muid stop leis an rally sula dtosaíonn sé.

Cuir ort do chuid buataisí. B'fhearr ligint dó dul ar aghaidh.

Tabharfaidh sé deis dúinn eolas a bhailiú ar na 'carboys'.

Thig linn dhul i gcarr gan mharcáil. Níl muid ag iarraidh iad a scanrú.

Ach bí réidh, ar fhaitíos go mbeidh tacaíocht ag teastáil.

Seo an áit a mbíonn an rally.

Diffáil.

Carboy a bhí ionat? Táim i gcónaí.

Sin atá mícheart leat. Chuaigh an mhúch sa gcloigeann ort.

Tuigim nach bhfuil mórán le déanamh thart anseo,

ach tá sé seo...

... éagsúil.

A deir an townie?

Tá carr Iarla anseo.

Gabhfaimid síos ann.

Iarla...

- - Cá bhfuil sé? - Cé? - Iarla!

- Níl cliú agam. - Sin a charr!

Ní hé níos mó. Dhíol sé liomsa ar maidin é.

Cacamas!

Sin í an fhírinne. Tá an logleabhar agam agus achan rud.

Gardaí!

Na Gardaí.

Tuige a ndíolfadh Iarla a charr?

'Burnouts'.

'Burnouts', achan duine! Dóigh na focain boinn!

Barry...

Tabhair ar ais mo chuid eochracha!

Stopaigí!

Barry, tar go dtí an chairéal. Go beo!

Ar an mbealach.

Dúisigh tusa!

Foc!

Stopaigí!

No... Conall!

Cá bhfuil an paedo sin d'athair s'agat?

Stop, a Chonaill!

Ní fiú é! Sin go leor, a Chonaill!

Focain psycho!

Déan é sin a ghabháil! Bhuail sé garda lena charr.

Húp! Suas leat!

Hé, seo an...

Seo an Curlew Hotel.

Nuair a dúirt tú deoch...

... shíl mé go raibh bar deas ar intinn agat.

Sin í an áit a bhí an bar.

Is dócha go mbíonn tú teoranta

agus fuath an bhaile ar fad ort.

Touché.

Caidé mar atá an sciathán?

Beidh mé togha.

Bhfuil tusa ceart go leor?

Aidhe.

Go raibh maith agat as ucht muid a shábháil ansin.

Níl a fhios agam ah bhfuil mé ábalta...

... caidé a thugann tú air, 'soft-touch policing', ab ea?

B'fhéidir go bhfuil áit ann don dá chineál.

B'fhéidir é.

Caithfidh gur b'shin an fáth go bhfuil muid go maith le chéile.

Gur páirtnéirí maithe muid.

Gabh mo leithscéal as cur isteach ort.

Barry!

Ah, Fiona!

Ní raibh fhios agam gur anseo a bhí tú.

Tháinig mé anuraidh agus táim ag dul go maith ó shin.

Sáirsint anois thú, tchím.

Sea, is mé.

Tháinig muid giota fada ó bhí muid sa choláiste.

Bhuel, tuigeann tú... ó, a dhiabhail!

Caidé a thig liom a dhéanamh duit?

Dúradh liom go mbíonn tusa ag déileáil le taifid fóin?

Tá ceann iarrtha ag an gCróinéir do dhúnmharú atá á fhiosrú againn.

Fadhb ar bith. An bhfuil an t-ordú cúirte agat?

Ordú cúirte?

Níl sé liom, go díreach.

Mo leithscéal, d'fhág mé sa stáisiún é.

Fadhb ar bith.

Bhí orm duine éigin a ghabháil. Sin an fáth a bhfuilim anseo.

Fadhb ar bith. Tig leat é a chur chugam ar ríomhphost.

Nó an meaisín facsála atá agaibhse go fóill?

Ah, an-mhaith.

Cuirfidh mé facs chugat.

Nó messenger pigeon.

Ríomhphost.

Sáirsint Barry Roche 123...

@gmail.com.

'.. ba ag an bpointe sin a thug an Bleachtaire Ó Súilleabháin

faoi bheart coisctheach...

...chun an fheithicil a stopadh,

... ar bhealach...

... dlite cuí.'

'Ar bhealach dlite cuí.'

'Ar bhealach...'

Nach n-oibreann rud ar bith san áit seo?!

Tuairim ar bith agat cén áit bhfaighfinn peann?

Bain triail as deasc Neilí.

Déarfainn go bhfuil an peann céanna aige ó d'fhág sé an coláiste.

Conall!

Iarla.

"Seo Iarla, ná bac le teachtaireacht.

Ní éisteoidh mé léi."

Iarla, mise atá ann.

Tá fhios agam go bhfuil tú i dtrioblóid.

Ach cuir scairt orm, ionas go dtig liom cuidiú leat.

Iontach. Coinnigh ar an eolas mé.

Tá dhá eitilt éagsúil ceannaithe aige go Glaschú.

Ceann ó Thír Chonaill, agus ó Dhoire.

- Eitilt? - Tá foláireamh curtha amach agam. Tá sé ag rith.

Sea, ach ní dóigh liom gur uainne atá sé ag rith.

Ach ag rith atá sé!

Rachaidh mise go Doire, thig leatsa dul ag Aerfort Charraig Fhinne.

A Chonaill... Caidé?

Tá a fhios agam go bhfuil tú mór le hIarla.

Ach tá seisean ag croílár an cháis seo.

This leatsa dul go Doire, muna bhfuil muinín agat asam.

Trustaim thú.

- Óicé. - Tógfaidh mise mo charr fhéin.

"Théis míle, cas ar chlé."

"Théis 500 slat, cas ar chlé."

"Tá do cheann scríbe sroichte agat."

"Tá bordáil anois oscailte do phaisinéirí."

Maith thú!

Conall?

Bhí mé ró-mhall. Tá sé imithe.

"Tá an bad farantóireachta réidh chun bórdála."

"Bíodh do thicéid agus do chomhartha aitheantais réidh."

Iarla!

Cén dóigh a raibh fhios agat?

Síleann tú go ndearna mé dearmad go bhfuil eagla ort roimh eitilt?

Gabh i leith, tabhair dom an mála sin.

Cad é?

Bhí an ceart agat faoi Chonall.

Bhuail sé an cac as lad inniu. Ní raibh aon smacht aige air féin.

Tá an leasainm tuillte aige.

Má tá sé in ann é sin a dhéanamh, seans gurbh fhéidir leis...

A athair a mharú?

B'fhéidir?

Ar aon nós...

Rinne mé a d'iarr tú orm.

Fuair mé a thaifead fóin.

Barry!

Nuair a fágadh carr Airt sa phortach, múchadh fón Chonaill.

- Chas sé as é. - Cén fáth a ndéanfadh sé é sin ach amháin--

Muna raibh sé ag iarraidh go leanfaí é.

Cén fhad a bhí sé múchta aige?

Ocht n-uaire a chloig.

Ocht n-uaire?

Uaidh seo go an bád farantóireachta is ar ais arís.

Bhí a fhios agam é!

Tá sé againn!

Tá tusa iontach.

Marófar mé. Focain marófar mé!

- Beidh tú ceart. - Tá mé focáilte!

- Glac go réidh é. - A Chonaill, ní thuigeann tú, raight?

Tá mé go hiomlán focáilte.

Má thagann siad orm, tá mé go hiomlán focáilte.

Tá mé ag insint duit!

Rachaidh muid isteach an cúl doras.

Goidé atá ag dul ar aghaidh?

Níl rudaí go maith, a Chonaill.

Níl rudaí go maith ar chor ar bith.

Tá sé seo go hiontach. Is féidir leat é a thógáil.

Ní fear mór fóin é Conall.

Ní bhacann sé leis na meáin shóisialta.

Tá níos mó fianaise ag teastáil.

Ná tit orm anois, Barry.

Caithfidh tú dul ina dhiaidh. Níl seisean chun teacht chugatsa.

Tá fianaise againn gur casadh a fón as.

Caithfidh tú aghaidh a thabhairt - air. - Agus tabharfaidh.

Amárach.

Sin deireadh le Fear an Chineáltais!

Ó, a Dhia.

Tá sé sin chomh téisiúil!

Abair arís é?

Cad... ?

Sin deireadh le Fear - an Chineáltais! - Ní mar sin.

Fan!

Sin deireadh le Fear an Chineáltais...

Bhfuil fhios agat goidé a tharla do Mháirtín?

An raibh baint agatsa leis?

Iarla, thig leat a rá liom.

- Ab é tusa a mharaigh é? - Ní mise a bhí ann. Geallaim duit.

Ní thig liomsa cuidiú leat go ndéarfaidh tú liom goidé a tharla.

Ní raibh an darna rogha agam!

Tá na daoine seo as a meabhair!

Munar chuidigh mise leothu, bheinnse mé féin maraithe acu.

Ach maróidh siad mé anois cá bith le mé a choinneáil i mo thost.

Agus cé hiad na daoine seo? Cé hiad?

Éist, a Chonaill, ní raibh sé i gceist agamsa riamh...

Chuaigh seo uilig as smacht.

Shíl mise nach raibh ann ach cóisir.

Cúpla deoch, go díreach. - Sin an méid. - Cóisir?

- An raibh drugaí ann? - Ní raibh!

Cé a mharaigh é? Duine ar bith.

Timpiste a bhí ann, an mhaidin dár gcionn.

Caithfidh sé imeacht. Imeacht cá háit?

Imeacht.

An ndéanfaidh muid anois é?

Agus é ina chodladh?

Goitse.

'Agus tuige nár rith tú?' 'Thóg siad mo chuid eochracha!'

An ndearna sé cac sa leabaidh?

Goidé atá tú a dhéanamh?

Tá an boc seo marbh.

Is maith sin.

Cé a bhain a chos dó? Níl a fhios agam.

Cé a bhain a chos dó? An tusa a bhí ann?

'Ní hé.'

Seo dhuit.

'Aodh a bhí ann. Eisean a d'iarr ormsa cuidiú leis,

ach dúirt mé leis imeacht sa foc leis!'

Céard atá sé seo fána choinne? Goidé do bharúil?

Len 'é a ghearradh suas. Anseo?!

Tuige ar chuir muid an plaisteach seo ar an urláir, dar leat?

Níl fhios agam. Loirg choise. Loirg choise...

Éist, ní dhearna mise seo riamh roimhe, raight?

Ná mise. Cá háit a dtosóidh mé fiú?

- Lena chos. - Cén chos?!

Níl fhios agam. An ceann ar dheis, Iarla.

Tuige ar dheis?!

An focain cos chlé mar sin!

Ach ciotóg a bhí ann! Íosa Críost...

Focain gearr é.

Anois.

'Tuige nár inis tú do na gardaí ina - thaobh? - Caidé a déarfainn leofa?

Go raibh éalaitheach sínte amach, marbh os mo choinne,

as ródháileog drugaí?'

Shíl mé gur dhúirt tú nach raibh drugaí ann. Cé eile a bhí ann?

Cé eile a bhí ann!

Mé fhéin agus Aodh go díreach! - Agus? - Máirtín!

Ach bhí seisean-- Marbh?

Sea.

Inis seo dom, mar sin.

Ghearr Aodh a chos dó agus goidé tharla ansin?

Bhí sé rómhall é a ghearradh suas,

mar sin, fuair muid réidh leis...

San fharraige.

Cá bhfuair sibh an bád?

Fuair muid bád ar cíos! Fuair sibh bád ar cíos?

Tú féin agus Aodh agus corp Mháirtín Ó Tuairisc.

An ag magadh fúm atá tú? Cá bhfuair sibh an bád?

Ab é bád Aoidh a bhí ann?

Ní hé! Ní bhíonn Aodh ach ag leanstan orduithe. Mo dhála féin.

Cé a thugann na hordaithe?

Cé a thugann na hordaithe?

Cé a thugann na hordaithe, Iarla?

Joe Lipsett.

"Fáilte ar ais ag an seó. Ól do Chupán Joe.

Má tá sibhse ag baint triail as an véigeánachas,

cosúil liomsa an mhí seo, bhuel,

tá muid ag baint úsáide as ár gcuid feamainne blásta áitiúil féin."

"Tá sé chomh héasca é a dhéanamh. Isteach sa bpanna..."

"Éist leis sin, tá sé chomh fiáin!"

"Anois, cuirfidh muid roinnt blastáin leis,

b'fhéidir beagáinín gairleoige, is breá liom sinséar chomh maith."

"Agus sú liomóide freisin."

"Agus sin é."

"Ar do phláta, fiáin... nádúrtha."

"Feicfidh mé sibh ar an gcéad físeán eile.

Agus ná déan dearmad, ól do Chupán Joe."

Slán go fóill!

Sin é...

Focain maraigh é!

Can't find what you're looking for?
Get subtitles in any language from opensubtitles.com, and translate them here.